Tá ag gach sochaí a fhorbairt a chreidimh féin, cóid, rialacha agus deasghnátha d’fhonn a cuid comhaltaí oideachas do chomhar táirgiúil, ordúil agus rathúil, chun tairbhe an grúpa iomlán. Tá an treocht a fhorbairt ar éagsúlacht na dteangacha, luachanna, creidimh agus traidisiúin characterizes gach civilization daonna agus is tábhachtach trait daonna mar speiceas. Náisiúnta bróid, creideamh dúchais agus céannacht eitneacha a surely, degenerated am go ham i teannas agus coimhlintí; áfach béaloideas, custaim agus miotais, go bhfuil gach fine, clan nó tír a ghintear, tá ról rí stairiúil an inspioráid agus a chomhordú do gach grúpa agus an duine ginearálta, luach ealaíne timeless mar fhoinse na háilleachta, archetypes, siamsaíocht agus tagairtí. Go deimhin taithí fiú an saol comhaimseartha na globalización Idirlín agus ar athbheochan na fréamhacha áitiúla agus bród náisiúnta i bhfoirm síochánta agus tráchtála, mar shampla i na dúshláin Oilimpeacha, i amas ceol agus i mbialanna eitneacha.
References: conservatives, socialism, catholicism, folk, historic, genre, feminist, republican, democrat, society, govern, mormons, presbyterian, episcopal, catholic, christianity, concepts, cultural, elderly, ethnic,
I bhfocail eile, tar éis dó a thabhairt do ghrúpaí atá ag an duine go leor cúis le mothú speisialta agus ag obair go crua ar fud amach stair, sa mhargadh nua-aimseartha a fheicimid go doctrines, tá traidisiúin, mythologies agus béaloideas fós foinse mhór de smaointe, charm agus fortune. Tá siad, i bhfocail eile, tá acmhainn uathúil nach féidir ach an heirs ar chultúr áirithe nó civilization a chur in iúl go hiomlán i cruthanna comhaimseartha ar nós faisean, cousine, ceol nó scannáin. D’fhonn a chur ar fáil suggestive léamh faoi chultúr an duine agus doctrines daonna, molaimid duit roinnt suíomhanna a bheidh dírithe ar ghrúpaí sóisialta, Figiúirí Gairmiúla, Cultúrtha Gluaiseachtaí, Páirtithe Polaitiúla agus smaointe Reiligiúnach. Tá an tionscadal seo faoi Ideologies, Dlí-córais, sna Daonnachtaí agus sna Heritages mbainistiú ag http://www.thenew.com agus http://www.euroserve.cn (le DNS http://www.esw3.eu seirbhísí).
References: romancatholic, romantic, weddingdresses, weddingdress, weddinginvitations, buddha, buddhism, methodist, protestant, spiritualism, catholicchurch, judaism, islam, myth, newage, pagan, church, relationships, muslims
Foinse snásta suas go dáta
Cheannaigh mé Foinse Nua ar maidin agus fuair mé an Irish Independent saor in aisce in éineacht leis… Ní raibh aon fhoclóir Ghaeilge Béarla ann áfach.
Iatán 24 leathnach tablóideach lán daite atá i gceist le dearadh snásta agus teacht i láthair taithneamhach.   Is léir go bhfuil fios a gnó ag an Eagarthóir nua, Emer Ní Chéidigh agus tá moladh nach beag ag dul di as ucht an méid oibre atá déanta chun Foinse a fhorbairt  agus aghaidh nua a chur air.
Beidh aithne againn ar na pearsaí atá ag scríobh don nuachtán – leithéidí Daithí O Sé, Blathnaid Nic Donnchadha (Paisean Faisean) agus Gemma Ní Chionnaith (Anocht FM), Hector O hEochagáin agus Mícheál  O Conaola.    Glacaim leis gur scriobhnóirí rialta iad seo – ach tá dornán ainmneacha eile luaite leis an gcéad eagrán, ainmneacha a thugann le fios an meas atá ar Phádraig O Céidigh, foilsitheoir Foinse,  i ndorchlaí na cumhachta.
Uachtarán na hÉireann, Maire Mhic Giolla Iosa, An Taoiseach, Brian O Comhainn, agus, ar leathnach na litreacha, leithéidí Enda Kenny, Eamon Gilmore, Mary Kennedy, Máirtín O Muilleoir agus Peadar Mac Fhlannchadh – tá litir comhghairdis uatha san ar fad ar leathnach na litreacha.    Tabhair faoi ndeara nach bhfuil aon litir comhghairdis ann ó phríomh fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh.
Is beag nuachta sa nuachtán nua.   As an 24 leathnach, níl ach cúig leathnach nuachta ann agus tá colún Dhaithí Uí Shé faoi ‘Jedward’  maraon le focal failte ón Eagarthóír san áireamh ansan.   Tá dhá leathnach eile le ‘nuacht’ mar cheannteideal orthu – ach anseo tá colúin ó Mícheál O Conaola (Cén baile is feiliúnaí don Oireachtas), athchúrsáil ar abhar Gaelport agus colún airgeadais.      Tá tús áite tugtha d’agallamh leis an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon O Cuív, agus a gheallúint go bhfuil airgead na gColáistí Samhraidh slán ‘go foill’.
Ní caineadh é sin, mar a cheapfá, nó níl sa nuacht ach gné amháin i bpacaiste iomlán nuachtáin an lae inniu, trath go mbionn an nuacht le fáil 24/7 ar an idirlíon.  Tá ar ‘nuachtáin’ iad féin a chur in oiriúint don ré go bhfuil eolas ag an leitheoir ar an nuacht is déanaí ó fhoinsí eile roimh a shroicheann an nuachtán féin a lámha.
Is athrú iomlán Foinse Nua ar an sean Foinse.  In áit go raibh an sean Foinse tuatach agus sean aimseartha ina chur chuige agus ina dhearadh, tá Foinse Nua nua aoiseach agus snásta.    An feabhas é seo?  Braitheann sé sin ar do dhearcadh.  Más leitheoir rialta an “Irish Times” tú,  mar a mhaíonn go leor Gaeilgeoirí aitheanta agus iad á léamh i dteannta le latte na maidine, bhuel ní bheidh morán sásaimh anseo duit.
Nuachtán é seo atá dírithe ar na scoileanna agus ar na bhfoghlaimeoirí Ghaeilge don chuid is mó – tá 10 leathnach nó 40% den nuachtán dírithe orthu san.   Tá ceithre leathnach spóirt ann – san abhar seo tá aistriúcháin ar dhá leathnach d’ailt ó ghné scriobhnóirí an Irish Indo, Tony Ward agus Vincent Hogan.     Arís ní miste sin – is úsáid mhaith é ar acmhainn an Indo agus ar ghnó an aistriúcháin.
Nuacht 7 - nuachtán a dhéanfadh an beart taobh le taobh le Foinse
An eilifint sa seomra nach bhfeictear tagairt ar bith do sa nuachtán, an chinneadh atá le déanamh ag Foras na Gaeilge faoin chomórtas atá le déanamh ag bord na h-institiúide teanga tras teorainn Dé hAoine faoi na h-iarratasóirí ar an gconradh seachtainiúil a dhiultaigh Foinse i mí an Mheithimh.   Ní h-é gur ligeadh i ndearmad é a lua, táim ag glacadh leis, ach fagann an t-easnamh maraon leis an liosta le h-áireamh de thacadóirí cumhachtacha atá bailithe ag an nuachtán, An Taoiseach, an tUachtarán, ceannairí an fhreasúra – ceist mhór san aer.   An mbeidh an cnamh droma ag an bhForas leanúint leis an gcomórtas a thosnaigh siad – agus a chuir grúpaí isteach air le dóchas ionraic agus le h-uaillmhian measúil – nó an dtapóidh siad ‘deis’ gan leanúint leis agus na h-iarratasóirí a fhagail ar an dtrá folamh? Go deimhin ní doigh liom go bhfuil an Foras luaite olc nó maith san eagrán seo de Foinse.
Ceapaimse go bhféadfadh nuachtán seachtainiúil Ghaeilge le cois Foinse bheith rathúil agus go mbeadh an nuachtán sin tarraingteach do lucht léite Foinse agus Lá Nua roimhe.  Bheadh sé mar ‘bhreischéim leitheoireachta’ do lucht Foinse agus tá sé sin tabhachtach freisin.   Creidimse go mbeadh an nuachtán atáim féin luaite leis, Nuacht 7, go maith ábalta an ról sin a ghlacadh agus go bhféadfadh sé tarlú gur mó suim na bpairteanna, má thuigeann sibh mé.  Is deis é seo don Fhoras le tapú, má thapaíonn siad é.    Ach d’fhéadfaí a rá faoin Fhoras an méid a duradh faoi John Bruton trath:  dá mbeadh anraith sa bhaisteach, bheadh siad amuigh faoin chlagar le forc.
Guím gach rath ar Foinse [Nua].   Is céim chun cinn é d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge agus is maith ann é.     Guím gach rath ar an Eagarthóir, Emer Ní Chéidigh, agus ar a foireann.
Tréan oibre á dhéanamh ag muintir Nuacht 24 - gan deontas freisin
View This Poll
polls
‘Shake up’ a thugann an ceannlíne sa scéal seo sa Sunday Tribune ar an méid atá á rá go poiblí ag Eamonn O Cuív faoin phlean atá ann ról níos leithne a thabhairt do Udarás na Gaeltachta.  Is cosúil gur Udarás na Gaeilge a bheidh air má ghlactar leis an bplean atá á phlé faoi lathair ag an bhfo-choiste Comh-Aireachta  i leith na Gaeilge.
D’fhéadfadh seo a bheith ina thús nua do chúrsaí na Gaeilge sna 26 contae – ach is ansan atá an fadhb is mó leis an mbeartas.
Ní h-aon chara mise le Foras na Gaeilge ach bunaíodh an Fhoras mar institiúid uile oileánda chun an Ghaeilge a chur chun cinn.  Anois tá orthu dul san iomaíocht leis an Udarás seo nó tá orthu focas as an úr a chur ar ghnóthaí tras teorainn.   Tá sé deacair a dhéanamh amach cá thosnaíonn ‘tras teorainn’ agus cá chriochnaíonn ‘26 contae’.   An oiread is go bhfuil sé ina chur amú airgid go bhfuil dhá chóras sláinte ar an oileán agus dhá chóras oideachais le cois – nach cur amú é go mbeadh dhá institiúid stáit ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn?
Dhá mhaorláthas, dhá runaíocht. Ag an am chéanna, beidh an tua ag titim ar na h-eagrais Ghaeilge, leithéidi Conradh na Gaeilge agus Gaelscoileanna.
Ar ndóigh d’fhéadfadh seo tochailt faoi bhunús Chomhaontú Aoine an Chéasta – agus cé nach gcreidim gur bó beannaithe é an Chomhaontú céanna, is cinnte go gcaithfear a chinntiú nach bhfuil leithscéal á thabhairt d’Aondachtaithe atá nimhneach in éadan na Gaeilge, leithéidí Nelson McCausland, Aire Cultúr an Tuaiscirt, cúlú ó dhualgaisí an staitín ó thuaidh i leith na Gaeilge.
Tá’s againn go bhfuilimíd i ndúlaíocht an Gheimhridh nuair a thosnaítear ag caint ar an Éigse.   Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin nó Éigse Dhiarmuidín atá i gceist agus beidh sé á reachtáil anseo i gCúil Aodha, áit dhúchais an amhránaí a cailleadh i dtimpist taca an ama seo i 1990, agus i mBaile Bhuirne ar an 4ú-5ú-6ú Nollaig.
Deireadh seachtaine ceoil agus amhráin, cuimhní cinn agus léachtanna agus go leor leor eile a bheidh ag titim amach i mbliana.   Tosnóidh sé ar an 4ú Nollaig i Halla Chúil Aodha – Aras Éamoinn Mhic Suibhne – leis an oscailt oifigiúil ag Seán O Liatháin, sean chara le Diarmuidín agus a leathbhadóir i luibíní is a leithéid.   An oíche céanna seolfar feilire 2010 Coiste Litríochta Mhúscraí agus beidh léacht ann faoin Dochtúir O Loingsigh, a shaol agus a shaothar, ag Dónal O hÉalaithe.   Beidh ceol agus rínce sna tabhairní is ostáin áitiúla – seisiún ceoil sa Mhuileann agus oíche rínce seiteanna in Ostán Ghobnatan/Abbey Hotel.
Ar an Satharn a reachtáilfear na ranganna do lucht foghlamtha ceoil  agus tá cuid de na ceoltóirí, rínceoirí is amhránaithe is fearr sa tir ann chun barr snáis a chur ar do chuid scileanna.  Paudie O’Connor (bosca ceoil), Diarmuid O’Brien (fidil), Eamonn Cotter (feadóg mhór), Gay McKeown (píob uileann), Máire Ní Cheilleachair(amhránaíocht sean nóis), Dainní Maidhcí O Suilleabháin (Bailéadaí Béarla) agus Máire Aine Ní hIarnáin (rínce ar an sean nós).
Beidh seisiún ceoil i Mhuseam an Mhuilinn agus taispeantas rínce le cois san iarnóin.  An oíche sin beidh Coirm Ceoil na hÉigse sa Halla i gCúil Aodha agus is liosta le h-áireamh iad na ceoltóirí a bheidh ar an ardán.    Orthu sin nach bhfuil luaite go dtí seo, tá Martin Hayes, laoch fidil Oirthear an Chláir, Caoimhín O Raghallaigh, Gabriel McArdle, Patsy agus Pauline Hanley, Charlie Harris, John Kelly, Eamon McGivney, Peadar O Riada agus Cór Chúil Aodha,  Muireann Ní Dhroighneáin a bheidh ina bhean a’ tí ag an ocáid.
Tuilleadh seiteanna ina dhiaidh sin in Ostán Ghobnatan, beidh cruinniú na n-amhránaithe sa Mhuileann agus Club na Féile sa Mhuseam.
An maidin dar gcionn beidh Aifreann na hÉigse i gCúil Aodha ag 11rn.  Craolfar seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, áit ar chaith Diarmuidín seal fada ag obair agus é in chlár reachtaire/iriseoir ann.    Ina dhiaidh sin, ag mean lae,  beidh ocaid an speisialta sa tsean teampall i Reilg Ghobnatan le Martin Hayes, Caoimhín O Raghallaigh agus Peadar O Riada – agus is é Gabriel McArdle a bheidh ag canadh na n-amhrán.
Idir 1in agus 7.000in sa Mhuseam sa Mhuileann tá imeacht ana spéisiúil á reachtáil.  Séard atá i gceist leis an Amhránathon ná seisiún amhránaíochta gan stop agus beidh aos óg na h-áite go h-áirithe páirteach ann.  Tá an imeacht á reachtáil ar mhaithe le h-airgead a chnuasú do Aisling Gheal, an scéim áitiúil amhránaíocht ar an sean nós.     Tá sé rí thabhachtach go mbeadh maoiniú á dhéanamh ar seo nó is é seo an scéim ceannródach atá ag cur chun cinn amhránaíocht ar an sean nós go h-áitiúil.
Cuirfear clabhsúr ceolmhar leis an deireadh seachtaine sa ‘cosy spot, the Top of Coom’ nuair a bheidh Eibhlís Uí Thuama ina bhean a tí ar sheisiún amhránaíochta san iar nóin.
Agus, ansan arís, tuilleadh ceoil in Ostán Ghobnatan an iar nóin sin,  Jimmy Doyle agus a chairde.
Tá’s againn go bhfuilimíd i ndúlaíocht an Gheimhridh nuair a thosnaítear ag caint ar an Éigse.   Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin nó Éigse Dhiarmuidín atá i gceist agus beidh sé á reachtáil anseo i gCúil Aodha, áit dhúchais an amhránaí a cailleadh i dtimpist taca an ama seo i 1990, agus i mBaile Bhuirne ar an 4ú-5ú-6ú Nollaig.
Deireadh seachtaine ceoil agus amhráin, cuimhní cinn agus léachtanna agus go leor leor eile a bheidh ag titim amach i mbliana.   Tosnóidh sé ar an 4ú Nollaig i Halla Chúil Aodha – Aras Éamoinn Mhic Suibhne – leis an oscailt oifigiúil ag Seán O Liatháin, sean chara le Diarmuidín agus a leathbhadóir i luibíní is a leithéid.   An oíche céanna seolfar feilire 2010 Coiste Litríochta Mhúscraí agus beidh léacht ann faoin Dochtúir O Loingsigh, a shaol agus a shaothar, ag Dónal O hÉalaithe.   Beidh ceol agus rínce sna tabhairní is ostáin áitiúla – seisiún ceoil sa Mhuileann agus oíche rínce seiteanna in Ostán Ghobnatan/Abbey Hotel.
Ar an Satharn a reachtáilfear na ranganna do lucht foghlamtha ceoil  agus tá cuid de na ceoltóirí, rínceoirí is amhránaithe is fearr sa tir ann chun barr snáis a chur ar do chuid scileanna.  Paudie O’Connor (bosca ceoil), Diarmuid O’Brien (fidil), Eamonn Cotter (feadóg mhór), Gay McKeown (píob uileann), Máire Ní Cheilleachair(amhránaíocht sean nóis), Dainní Maidhcí O Suilleabháin (Bailéadaí Béarla) agus Máire Aine Ní hIarnáin (rínce ar an sean nós).
Beidh seisiún ceoil i Mhuseam an Mhuilinn agus taispeantas rínce le cois san iarnóin.  An oíche sin beidh Coirm Ceoil na hÉigse sa Halla i gCúil Aodha agus is liosta le h-áireamh iad na ceoltóirí a bheidh ar an ardán.    Orthu sin nach bhfuil luaite go dtí seo, tá Martin Hayes, laoch fidil Oirthear an Chláir, Caoimhín O Raghallaigh, Gabriel McArdle, Patsy agus Pauline Healy, Charlie Harris, John Kelly, Eamon McGivney, Peadar O Riada agus Cór Chúil Aodha,  Muireann Ní Dhroighneáin a bheidh ina bhean a’ tí ag an ocáid.
Tuilleadh seiteanna ina dhiaidh sin in Ostán Ghobnatan, beidh cruinniú na n-amhránaithe sa Mhuileann agus Club na Féile sa Mhuseam.
An maidin dar gcionn beidh Aifreann na hÉigse i gCúil Aodha ag 11rn.  Craolfar seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, áit ar chaith Diarmuidín seal fada ag obair agus é in chlár reachtaire/iriseoir ann.    Ina dhiaidh sin, ag mean lae,  beidh ocaid an speisialta sa tsean teampall i Reilg Ghobnatan le Martin Hayes, Caoimhín O Raghallaigh agus Peadar O Riada – agus is í Gabriel McArdle a bheidh ag canadh na n-amhrán.
Idir 1in agus 7.000in sa Mhuseam sa Mhuileann tá imeacht ana spéisiúil á reachtáil.  Séard atá i gceist leis an Amhránathon ná seisiún amhránaíochta gan stop agus beidh aos óg na h-áite go h-áirithe páirteach ann.  Tá an imeacht á reachtáil ar mhaithe le h-airgead a chnuasú do Aisling Gheal, an scéim áitiúil amhránaíocht ar an sean nós.     Tá sé rí thabhachtach go mbeadh maoiniú á dhéanamh ar seo nó is é seo an scéim ceannródach atá ag cur chun cinn amhránaíocht ar an sean nós go h-áitiúil.
Cuirfear clabhsúr ceolmhar leis an deireadh seachtaine sa ‘cosy spot, the Top of Coom’ nuair a bheidh Eibhlís Uí Thuama ina bhean a tí ar sheisiún amhránaíochta san iar nóin.
Agus, ansan arís, tuilleadh ceoil in Ostán Ghobnatan an oíche sin,  Jimmy Doyle agus a chairde.
<object width='425' height='350'><param name='movie' value='http://www.youtube.com/v/nK3DA4yyt_U&rel=1&fs=1&showsearch=0&hd=0' /><param name='allowfullscreen' value='true' /><param name='wmode' value='transparent' /><embed src='http://www.youtube.com/v/nK3DA4yyt_U&rel=1&fs=1&showsearch=0&hd=0' type='application/x-shockwave-flash' allowfullscreen='true' width='425' height='350' wmode='transparent'></embed></object>
Is dócha gur chreid a chuid ‘laimhseoirí’ go mbeadh sé ina dhea smaoineamh go gcuirfeadh Brian Cowen an chuma air féin go raibh suim aige i ghnath chúrsaí an tsaoil – agus mar sin, mar eireabal, ar chúpla físeán eile faoi chúrsaí an gheilleagair agus an Bhuiséid, chuir siad é ag caint ar chúrsaí an chluiche mhóir Dé Satharn, Éire V An Fhrainnc.
Ní doigh liom gur cheart don Taoiseach eirí as an pholataíocht le tabhairt faoin trachtaireacht spóírt – faoi mar a dhein a réamh chomharba. I gcás Bertie, ba ionann a eirí as agus bua don pholataíocht agus cailliúint do na meáín spóirt.
Ar aon nós, an oiread is gach mac mathar agus iníon athar, is dócha go bhfuil An Taoiseach ag súil le toradh maith ón dhá chluiche seo in éadan na Frainnce – tá dea scéal de dhith orainn go géar an aimsir duairc seo i ndúlaíocht na Samhna.
Dá mba rud é go raibh trachtaire sacair ag caint ar an slí go raibh An Taoiseach ag bainistiú na tíre, sílim gurb é an comparáid a bheadh á dhéanamh aige an comparáid le Rafa Benitez, bainisteoir Learpholl.
Tá cuma caillte ar an tír seo – tar éis bheith ar bharr na hEorpa i 2005.  Anois nílimíd ann nó as.   Tá ár imreoirí is fearr ar an gclaí agus taimid ag tabhairt aghaidh ar an gcead dreas eile agus sinn tuairim is €54 billiún ar gcúl, a bhuí do Nama.
Is dócha go bhfuil an cheart ag an t-é a dúirt nár cheart sport agus polataíocht a mheascadh….
<object width='425' height='350'><param name='movie' value='http://www.youtube.com/v/WvubzoYXqDs&rel=1&fs=1&showsearch=0&hd=0' /><param name='allowfullscreen' value='true' /><param name='wmode' value='transparent' /><embed src='http://www.youtube.com/v/WvubzoYXqDs&rel=1&fs=1&showsearch=0&hd=0' type='application/x-shockwave-flash' allowfullscreen='true' width='425' height='350' wmode='transparent'></embed></object>
<object width='425' height='350'><param name='movie' value='http://www.youtube.com/v/ERTxzDbBexU&rel=1&fs=1&showsearch=0&hd=0' /><param name='allowfullscreen' value='true' /><param name='wmode' value='transparent' /><embed src='http://www.youtube.com/v/ERTxzDbBexU&rel=1&fs=1&showsearch=0&hd=0' type='application/x-shockwave-flash' allowfullscreen='true' width='425' height='350' wmode='transparent'></embed></object>
Bhí oíche ana dheas i Halla Chúil Aodha – Aras Eamonn Mhic Suibhne – an Satharn seo chaite nuair a deineadh ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar m’athair, Dónal O Liatháin, a cailleadh um an dtaca seo den bhliain anuraidh.
Deineadh é a cheiliúradh agus a chomóradh le h-amhráin, ceapóga, agallaimh beirte, píosaí filíochta agus dráma – a chum sé féin don chuid is mó – agus b’iad muintir na h-áite a bhí ag cur na saothair ar fad i láthair.
Mar bharr ar sin deineadh ionad nua óige atá tógtha le h-ais an halla a thiomnadh i gcuimhne m’athair.  Anois tá Ionad Oige Dónal O Liatháin ar Ionad Oige Chúil Aodha.   Chaith m’athair na blianta mar chathaoirleach ar an gcoiste forbartha áitiúil, Comhaltas Chosanta Chúil Aodha, agus b’é togáil an ionaid seo an mhór éacht lena linn.
Tá mo mhathair, Margaret O Liatháin, agus clann Uí Liatháin ar fad fíor bhuioch don Chomhaltas Chosanta agus faoi chomaoin ag pobal Chúil Aodha de bharr an méid atá déanta chun meas agus omós a léiriú do m’athair.
Beidh tuilleadh míreanna ón oíche á fhoilsiú anseo de réir mar a fhoilsítear iad ar You Tube sna laethannta romhainn.
An deireadh seachtaine seo táim ag tabhairt chun cuimhne m’athair, Dónal, a cailleadh um an dtaca seo anuraidh.    Bhí sé 74 bliain d’aois.
Seo dán dá chuid a chum sé mar chuimhne ar chara eile liom a d’éag i Lúnasa 1997.  Fear óg dárbh ainm Fiachra O’hAodha, fear chomh brea is a bhí ann riamh.
Fomhar 1997
Thainig na h-ealaí aréir,
Ar shaoire ón aigéin
Dhúisíodar mé ‘rís ar maidin
Is ní rabhais ag luí lem thaobh.
Cé leis go ndéanfad caint?
Cé dho go dtabharfad grá?
D’imigh tú leis an taoide
Agus ní thiocfair thar nais go brách.
Coiscéim ar lic an dorais,
cheapas gur tú a bhí ann.
Go h-oban cheartaigh m’aigne
Macalla ar fán ón uaigh.
Ó dá mba mise Críost
d’ardóinn tú arís ón mbás
Ó a Chríost na trócaire
Tabhair dom faoiseamh ar mo pháis.
Duilleoga fómhair ag séideadh
Tá mo smaointe leo chun fáin
Tá na gaotha tríom ag réabadh
Níl aon ghéag ná craobh díom slán;
Agus chím ar íor na spéire
An Nollaig a’ teacht ar luas
Du’ scamail tíntí is tóirní
A shloigfidh mé siar ‘na bpluais.
Seasaim ar imeall na h-aille,
Is an chuilithe mhealtach thíos fúm
Is níl loinnir de ghrian an Earraig
Ná den Samhradh ‘tá ‘mithe uaim
Ní h-aoibhinn blátha na n-áirne
Ná an samhaircín buí cois claí
Nuair a mhúch an chré do gháire
D’fheoigh gach bláth im chroí.
Mise bláth feochta i ngloine
Mise an luaithreach ar thoitín
Mise cúbhar bán ar an dtuille
Nó an peidhleacán insan draoib
Tabhair dom do sholas a chuisle
Cuir an dóchas arís im chroí
Mar anois má déantar mé a chroitheadh
Bead im luaithreach ar neamhní.
le Dónal Ó Liatháin
Seo smaoineamh ar fiú féachaint air – cé nach bhfuil a fhios agam an chostas a ghabhann leis – agus d’fhéadfadh sé an argóint seo faoi chúrsaí aistriúchán a réiteach go glic.
Spéaclaí atá chomh glic sin go gcuireann siad aistriúcháin ar fáíl don t-é atá á chaitheamh nuair atá sé nó sí ag labhairt le duine eigean nach bhfuil comhtheanga aige nó aici leis an gcéad dhuine.   Is amhlaidh go bhfuil na spéaclaí chomh glic go dteilgíonn siad na fotheidil ar an lionsa.
Is dócha go mbeadh sé indéanta é seo a úsáid freisin le h-aghaidh aistriúcháin téacsa – nó leagan de.   Agus tá’s againn ar fad faoi Google Translate agus na buanna – is na mí bhuntáistí – a bhaineann leis an gcóras sin.
Ar aon nós, is fiú féachaint air mar chóras agus beidh sé speisiúil a dhéanamh amach conas mar a eiríonn leis is an mbeidh sé oiriúnach d’aistriúcháin Ghaeilge.
Beidh sé ar fáil sa tSeapáín ón mbliain seo chugainn.
Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir nós*
Féilim Borland agus Tomaí Ó Conghaile, nós*, ag glacadh lena ngradam
Ní raibh mé ann – ach bhí saghas tuairim agam faoin toradh roimh ré.   Bhuel, ba é nós* an suíomh idirlín Ghaeilge is fearr gan aon agó le bliain anuas – cé go raibh iomaíocht laidir acu ó leithéidí An Druma Mór, Litríocht agus Gaelshirt. Mar sin cé air a bheadh an t-íontas dá n-eireodh leo an svae a bhreith leo ag na Irish Web Awards, a bronnadh i mBAC Dé Satharn.
Suíomhanna éagsúla go maith iad na suíomhanna seo – agus b’fhéidir nár cheart iad a bheith san iomaíocht in aghaidh a cheile ach, go fóill beag, níl ach dornán beag suíomhanna idirlín i nGaeilge i gcomparáid leis an t-uafás suíomhanna i mBéarla.
An oiread is go bhfuil gá le forbairt agus fás ar an suíomh seo, tá gá freisin a rá go bhfuil gá do lucht idirlín na Gaeilge fás agus forbairt a dhéanamh.  Fás ar an réimse suíomhanna atá ar fáil – agus forbairt ar chaighdeán na suíomhanna sin.
An bhliain seo chugainn, ba cheart go mbeadh sé níos deacra an buaiteoir a aimsiú mar go mbeidh níos suíomhanna den scoth ann – tugaim faoi ndeara na dea iarrachtaí atá á dhéanamh ag an Iora Rua, suíomh Ghaeilge atá suite san Astráil.    Tá sé chomh snásta le suíomh ar bith a chonaic mé riamh.
Buaiteoir Gradam Idirlín na Gaeilge 2009:  nós*
Buaiteoir Gradam Idirlín na Gaeilge 2010:   Tusa. b’fhéidir!
An oiread is gur suíomh ana bhrea é nós*, ní bhionn stuif nua ann leath minic a dhothain.   Tá sé deacair iris agus suíomh a choimead ag dul, gan amhras, ach creidim gurb é nós* an todhchai ó thaobh slua na n-óg a mhealladh agus is mór an trua é nach bhfuil aon tacaíocht oifigiúil acu ón bhForas.     Níl aon easpa misnigh ar Thomás agus ar Fheilim, afach, agus níl siad ag staonadh óna gcuid oibre mar gheall ar easnamh den tsort seo.
Seo leagan gleoite den amhrán ‘Slán le Máigh’ ag an amhránaí Muireann Nic Amhlaoibh.
Bainigí sult as, mar a dhein mise
<object width='425' height='350'><param name='movie' value='http://www.youtube.com/v/Dq8CKVif_Fk&rel=1&fs=1&showsearch=0&hd=0' /><param name='allowfullscreen' value='true' /><param name='wmode' value='transparent' /><embed src='http://www.youtube.com/v/Dq8CKVif_Fk&rel=1&fs=1&showsearch=0&hd=0' type='application/x-shockwave-flash' allowfullscreen='true' width='425' height='350' wmode='transparent'></embed></object>
An Cléireach - Leabhar na Bliana 2008
Ní inniu nó inné a thosnaigh an phlé anseo faoin díolaíocht atá ar leabhair Ghaeilge – nó an díolaíocht nach bhfuil orthu – agus an cheangal idir sin agus libhéal an deontais a shaothraíonn roinnt udair, gan trácht ar an easpa tré dhearcachta a bhaineann leis an bproiseas faoina ceadaítear na deontais céanna.
Chonac caint ar alt chonspóideach ar Facebook ar na mallaibh – agus is é seo é an t-alt céanna ón Sunday Times.   De réir an ailt, fuair dornán údair, nár dhíol san iomlán ach 76 coipeanna dá gcuid leabhair eatarthu ar fad, €74,000 de dheontaisí dá saothar.
De réir an ailt seo, mar shampla, níor díoladh ach sé choip den leabhar ‘An Cléireach’ ó pheann (agus ó theach foilsitheoireachta) Dharach Uí Scolaí.   Ach bhíos i láthair ag ocáid ag a cheannaigh mé dhá choip, ceann dom féin agus ceann eile dom’ athair.  Tá náire orm a rá nár léigh mé an leabhar go fóill cé go bhfuil sé tosnaithe agam – rud a chiallaíonn go mbeidh sé léite agam faoi, abair, 2013!   Sár shaothar atá ann – agus leabhar a shaothraíonn cibé deontas a fuair sé.
Mar sin, tá’s againn go bhfuil na h-uimhreacha atá luaite le díolaíocht na leabhair Ghaeilge mí chruinn.   Tá’s agam mar shampla go bhfuil furmhór na leabhair i nGaeilge á dhíol tre Litríocht ar an idirlíon.
Deir an t-alt sa Sunday Times go neamh-bhalbh:
The 76 book sales tracked by Nielsen had a total value of €897.39. AIS, a group for Irishlanguage publishers, did not have additional sales figures.
Is faoi AIS atá sé an scéal a chur ina cheart faoin díolaíocht atá ar leabhair Ghaeilge.   Má tá an oiread sin leabhair Ghaeilge á dhíol agus a thuigim go bhfuil anois – bhuel tá éagóir á dhéanamh ar an earnáil ag an Times agus níl a gceart á thabhairt d’fhoilsitheoirí  na Gaeilge.
An bhfuil sé i gceist ag AIS liosta – best-sellers na Gaeilge – a fhoilsiú am ar bith?  Nach mbeadh sé go maith, amach anseo,nuair a bheidh nuachtán nua Ghaeilge ann, go mbeadh a leithéid sin de liosta ann gach seachtain!
An oiread is nár chreid Ebenezer Scrooge i spiorad na Nollag, ní chreidimse sa chac seo atá á dhoirteadh amach ag na meáin faoi Arthur Guinness agus an cheiliúradh 250 bliain ar bhunú grudlann Naomh Shéamuis i 1759.
Is mó piúnt Guinness a bhí agam im shaol – ach de bharr nach féidir bheith cinnte go bhfuil an chaighdeán céanna ag piúnt in aon dhá thabhairne – táim tar éis eirí as le cúpla bliain anois.  Ceannaíodh piúnt dom sa Hilton i mBéal Feirste agus de bharr go raibh sé chomh h-ainnis sin, d’eirigh mé as ar fad.
Ar ndóigh ní bheadh an oiread sin gleo faoi Guinness agus Lá le Arthur ar na meáin ach go bhfuil na millliún Euro á chaitheamh ag an gcomhlacht ar an mhargaiocht ar son na h-ocáide.
Níl aon brí leis an chaint seo faoi ‘Happy Arthur’s Day’ agus ‘1759′ seachas iarracht na comhlachta a thairgíonn an leann dubh seo an oiread agus is féidir a dhíol inniu agus go ceann cúpla lá.
É sin ráite, b’fhéidir go mbeidh mé i dtigh tabhairne anocht agus mé ar mo shlí go Gaillimh chun bheith páirteach in imeacht faoi chúrsaí riomhaireachta is idirlín atá á reachtáil ag Glór na nGael ag ceannaras Udarás na Gaeltachta sna Forbacha amarach.
Ach ní bheidh mé ag ól Guinness…. ní bheidh ná baol air.
An tAire Ghnóthaí Leanaí, Ultan Keane (Don Wycherly), ag oscailt 'Rásaí na Gaillimhe'.
Táim ag súil le tamall leis an sraith nua ó TG4, Rásaí na Gaillimhe, agus anocht a chraolfar an chéad eagrán.     Bígí ag faire – ón méid atá feicthe agam go dtí seo, beidh sé go maith….
Tá blaisíní den sraith le feiscint ar shuíomh TG4 agus tugann siad léargas mhaith ar an ghreann a bhaineann leis.
Ní raibh sraith chomh maith leis ar an dteilifís in Éirinn ó bhí The Running Mate ar TG4 i bhFómhar na bliana 2007.   Agus bhuaigh sin go leor duaiseanna.
In cinnte go bhfuil caighdeán níos airde dramaíochta ar scaileáin TG4 – seachas mar a bhionn ar RTÉ.  Is é a locht a laghad.    Tuigtear dom go mb’fhiú bheith ag faire amach freisin le h-aghaidh sraith nua ó léiritheoirí Cré na Cille, Rosg Teo.  Craolfar Na Cloigne ag an Nollaig.
Mar fhreagra ar litir ó dhíoltóir leabhair chuig Eagarthóir an Irish Times, bhí litir eile sa nuachtán le déanaí ag aithint croí na faidhbe maidir le scríobh agus léamh na Gaeilge.   Is é sin go bhfuil furmhór an eolais atáimid ag iarraidh i nGaeilge ar fáil i mBéarla theana féin agus mar sin gur áisí i bhfad dúinn an t-eolas sin a fháil i mBéarla.
Is é an moladh atá ag Vincent Holmes go mbeadh níos mó ábhair i nGaeilge amháin i nuachtáin ar nós an Irish Times agus go gcothódh sin cultúr na leitheoireachta i nGaeilge.
Here is the nub: a daily user of Irish is presumably bilingual with English also, so why are we not challenged to read material as Gaeilge only? If more and more material was produced in Irish (The Irish Times take note!) we would be engendering a culture of reading in Irish and be challenged to do so (without the help or crutch of a translation) and over time Mr Hayes’s difficulty with writers of Irish would be addressed.
Agus is dócha go bhfuil an cheart aige sa mhéid seo:
If I write exclusively in Irish (without translation) “Beidh mé ag tabhairt amach nótaí caoga euro ar Dhroichead Uí Chonaill ag meánlae amárach” I am in no doubt that an orderly queue will have formed by 11.45 to avail of the opportunity!
Ní doigh liom go dtuigeann sé an slí a oibríonn an Stát ar son an ’status quo’ agus ní doigh liom go mbeidh aon toradh fónta ar an ndóchas atá léirithe aige:
So, go raibh maith agat, Mr Hayes, you have done an Ghaeilge a major favour, by drawing attention to this issue, and probably saving the State a lot of cost into the future.
Is é an fhirinne go bhfuil an t-uafás airgid – suim nach féidir a áireamh – á chaitheamh ar aistriúcháin ar chaipéisí oifigiúla ó Bhéarla go Gaeilge, caiteachas nach dtabharfaidh aon spreagadh do leitheoireacht nó litríócht na Gaeilge ach a thabharfaidh an deis do Éamon  O Cuív bheith ag maíomh as an méid atá á dhéanamh ag an Rialtas seo, an Rialtas a thug Acht na dTeangacha Oifigiúla dúinn, ar son na teanga.
Tá’s agaibh mo thuairim faoin Aire agus faoin Acht.
Fhaid is atá na caipéisi seo á aistriú – agus nach bhfuil siad á léamh – tá’s agam go bhfuil sé rí dheacair páistí scoile na tíre a ghriosadh chun Gaeilge a léamh de bharr easpa éagsúlachta na leabhar Ghaeilge.   Níl an réimse ann is atá i mBéarla do naíonán mór nó beag – tá mo mhac féin ag fáil an leabhar céanna ón scoil agus tá sé dubh dóite leis an athléamh.  Ar ndóigh, tá roinnt mhaith leabhair Ghaeilge sa teach agus bionn sé á léamh sin.
Tá gá le réimse níos forleithne leabhair Ghaeilge – leabhair scoile agus leabhair spraoi, cothrom leabhair ar nós ‘Batman’ is a leithéid.   Níl siad ann, ar ndoigh, mar go bhfuil an oiread sin airgid á chaitheamh ar chaipéisí oifigiúla nach bhfuil á léamh i nGaeilge nó i mBéarla.
Má tá géarchéim eacnamaíochta ann – agus deirtear go bhfuil – cén fath go bhfuil airgead á chur amú ar na nithe nach bhfuil éileamh orthu agus gan aon riar á dhéanamh ar éilimh atá ann?
Status quo.
Ní gá céim dochtúireachta sa teicneolaíochta le h-éisteacht le Raidió Fáilte ar an riomhaire, os rud é go bhfuil sé ar fáil ar an idirlíon, ach chuaigh mé céim níos faide chun tosaigh trathnóna inniu.
Nó tá sé anois agam ar an iPhone, a bhuí don chlár feidhme, Wunderradio.   Anois is féidir liom an iPhone a cheangal le mo raidió agus má roghnaím ‘Aux’ ar an raidió, craolann sé cláracha Raidió Fáílte go beo beathach sa chistin.   Más maith liom anois, beidh mé ábalta dul amach ag rothaíocht ar ball agus éisteacht leis an staisiún agus mé ag gluaiseacht chomh fada agus go bhfuil comhartha maith agam don fón féin.
Faoi láthair, tá Glen Philips agus Aoife McAteer i mbun na ndioscana agus díreach soicind ó shin bhí Fergus O hEithir ag ceol ‘Victor Jara’, amhrán brea á chanadh le croí ag an bhfonnadóir is an amhránaí úd, stiurthóir an staisiúin.
Is é Raidió Fáilte an dea shampla ó thaobh staisiúin raidió atá ag déanamh riar ar phobal ar leith – agus cé go bhfuilim ag éisteacht leis anseo i gCúil Aodha, Shane McGowan anois ag ceol ‘The Auld Triangle’, tá a fhios agam gur ag cúl éisteacht atáim nó is ar phobal Bhéal Feirste is na sé contae atá sé dírithe.    Ag an tús, áfach, bhí sé ag craoladh ar an idirlíon agus anois tá sé, a bhuí don teicneolaíocht, ag craoladh go beo beathach breis is trí chéad míle ón chrann chraoltóireacht atá á chraoladh ar bhruach Loch Lao, ar fáil ar mo raidió chistineach.
Tá Raidió na Life agus Raidió Rí Rá ar fáil ar an gcóras céanna.  Níl ann ach an tús.   Cá fhad go mbeidh staisiún raidió idirlín ann i Múscraí?  Nó sa Rinn?  Nó in iliomad pobail Gaelacha eile?   Cá fhad go mbeidh na staisiúin seo ábalta teacht le cheile chun ceadúnas le h-aghaidh seirbhís comhthaite náisiunta i nGaeilge a lorg ó Choimisiún Craoltóireachta na hÉireann.  (Ní gá, fhaid is atá an seirbhís ar an idirlíon, ach bheadh sé ina bhuntáíste, faoi láthair.)
B’fhéidir gurb é sin an spreagadh a bheidh ag teastáil ó shaoistí RTÉ agus RTÉ RnaG eirí as  bheith ag déanamh neamh íontas de phobal Ghaeilge na tíre ina iomláíne seachas na pócaí beaga i gConamara, i dTír Chonaill agus i gCiarraí atá tús áite á thabhairt acu doibh?
Ag éisteacht dom le ‘Iris Aniar’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar maidin chuala mé agallamh le Leas Cheannasaí an staisiúin, Dónal O Braonáin agus é ag déanamh cur síos ar shuirbhé phríobháideach a rinne an staisiún coimisiúnú air chun líon agus spéis na n-éisteoirí a mheas.
Ar chúis nár rinneadh ró shoileir le linn an agallaimh, ní chuirtear RTÉ Raidió na Gaeltachta san áireamh le linn suirbhéanna éisteoirí an JNLR.   Ait liom an méid sin os rud é, má tá figiúiri an tsuirbhé le creidmheáil agus caithfear glacadh leis, is dócha, gur suirbhé neamhspleach a dhothain é in ainneoin gurb é RTÉ RnaG atá á choimsiúnú agus á fhoilsiú, tá sciar mhór den lucht éisteachta ag RTÉ RnaG i gceantair Ghaeltachta áirithe.
Tabhair faoi ndeara nár deineadh an suirbhé seo, is cosúil, ach i gceantair Ghaeltachta.  Agus nior deineadh i ngach ceantar Ghaeltachta é ach an oiread.  Tá sé amhail is go bhfuil Raidió na Gaeltachta tar éis cinneadh a ghlacadh as a stuaim féin, gan imeacht i gcomhairle le duine ar bith, gan pobail sna Gaeltachtaí beaga, leithéidí An Rinn, Rath Chairn, Múscraí agus Oileán Cléire a chur san áireamh.
Má táím ag déanamh éagóir ar Raidió na Gaeltachta, maith dhom é.  Chuala mé an tUas.  O Braonáin ag rá go sonrach gur deineadh an suirbhé sna mór cheantair Gaeltachta, Ciarraí, Conamara, Tír Chonaill.
Ní raibh a fhios agam go raibh teorainneacha na Gaeltachta gearrtha theana féin – is cosúil gur tharla sé i nganfhios dúinn go léir.
Ar ndóigh, ní ceist Gaeltachta amháin é seo.  Má ghlacaimíd leis an méid a deir an tUas. O Braonáin mar admháil nach bhfuil RTÉ RnaG ach in ainm is riar a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta – pobal Ghaeltachtaí ar leith is é sin le rá nach bhfuil aon riar ceart á dhéanamh ar na céadta, na mílte chainteoirí Ghaeilge  ar fuaid na tíre atá ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht.    Ar a laghad, is féidir a rá gur cuma sa tsioc le bainistíocht Raidió na Gaeltachta cad é barúil na ndaoine seo, a n-eisteoirí, faoin seirbhís a bhfaigheann siad ó RnaG.
Tá sé in am, agus thar am, go mbeadh riar mar is ceart á dhéanamh ag an gcraoltóir náisiúnta ar éisteoirí Ghaeilge na tíre ina iomlán agus bíodh is gur sciar bheag den phobal éisteachta sin pobal na Gaeltachta, níl sé maith a dhothain, dar liom, go bhfuil Raidió na Gaeltachta ag feidhmiú amhail is gur staisiún áitiúil é sna mór cheantair Gaeltachta seachas bheith ina staisiún náisiúnta Ghaeilge.
Léiríonn gach suirbhé dá bhfuil á dhéanamh – fiú an Daonáireamh féin – go bhfuil furmhór na nGaeilgeoirí taobh amuigh den Ghaeltacht agus mar sin ba cheart go mbeadh riar níos fearr á dhéanamh orthu le cláracha cúrsaí reatha, cláracha ceoil, cláracha siamsaíochta is eile.
Molaimse an Raidió as an méid atá déanta acu ó 1973 i leith.  Ach anois creidim go gcaithfidh an Raidió an cur chuige a athrú – sin nó caithfidh an Rialtas dul i gcomhar le RTÉ agus staisiún raidió Ghaeilge don náisiún ar fad a bhunú, cothrom Raidió 1 ach i nGaeilge.   Tuigtear an méid seo, má tá tusa id chónaí i gceantar nach ceantar Gaeltachta é, tá tú i dteideal an oiread is an áitritheoir Gaeltachta, seirbhis craoltóireachta i dteanga oifigiúil na tíre atá ag déanamh riar ort seachas tú bheith curtha san áireamh mar chúl éisteoir ar sheirbhís atá ag ioc as go daor ód cheadúnas teilifíse!
An bhfuilim mí réasúnta san éileamh sin?
Tá litir san Irish Times inniu ó dhíoltóir leabhair a mhaíonn nach bhfuil éinne ag ceannach nó ag léamh leabhair i nGaeilge agus gur cur i gcéill amach is amach na duaiseanna luachmhara, le h-airgead mór ag gabhail leo, a bhronntar gach bliain ar údair éagsúla.   Freagra an litir seo ar litir ón údar is file, Gabriel Rosenstock, inar cheistigh sé cé acu an raibh leatrom á dhéanamh ar leabhair i nGaeilge i siopaí leabhair agus leabharlainn ar fuaid na tíre agus, anuas ar sin, ná raibh aon árdán á thabhairt do leabhair Ghaeilge ag mór fhéiltí litríochta.    A mhalairt scéil atá sa litir atá foilsithe inniu.
Irish books are actually displayed disproportionately to the demand for them due to the regard that most booksellers and librarians have for the language. I know many booksellers who take copies of books in Irish just to support the writer, knowing in their hearts that the books will never be sold. And most public libraries that I know have large sections of books in Irish which are in perfect condition  for the simple reason that they are never touched.
Tamall ó shin, d’fhoilsigh mé ar an suíomh seo an fhigiúir ar mheán díolachán leabhar Ghaeilge.   Cé gur cheap mé go mbeadh sé thart ar 1,000 nó 1,500 cóip, is cosúil nach bhfuil ann ach 184 coip.   Más aon solás é, níl ach meán díolachán de isteach is amach le 300 coip ar leabhair i mBéarla.  Ar ndóigh, is mó i bhfad líon is éagsúlacht na leabhair atá ar fáil i mBéarla ná mar atá ann i nGaeilge.    Cad é an chúis atá le sin.   Bhuel seo tuairim an scriobhnóra i litir an lae inniu.
Mr Rosenstock asks can all 300 Irish-language writers be bad the answer is nobody knows. Nobody is reading what they write and the public do not know how their money is being spent to keep a mini cottage industry alive.
Is not the real problem that writers in Irish are writing in a language that very few read and even fewer are able to judge its literary quality? And what is Mr Rosenstock’s solution to this? More grants for translation and more inclusion in posters. Who says the Stalinist command economy is dead?
Gan amhras, tá blúirín den aiféis agus den fhírinne sa ráiteas sin.  Is tromchúisí i bhfad an méid a deirtear sa mhír seo den litir.
Perhaps the problem lies in the ease with which one can publish a book in Irish. More than one writer in the native language has confided in me that he will make a profit even if he does not sell a single book such are the grants available for publishing and writing in Irish. This obviously has an effect on quality. Thus quality control is virtually non-existent as a small community of “critics” review books written and published by their colleagues who take it in turns to win the annual round of prizes that are doled out at the taxpayers’ expense.
An bhfuil seo fíor?  Nó an scéal scéil é nach bhfuil bunús leis?
Ar ndóigh, tá cúis mhaith nach mbeadh daoine ag ceannach leabhair Ghaeilge i siopaí leabhair léithéidí an dhíoltóra seo níos mó.  Tá titim ar dhíolachán leabhair Bhéarla ó siopaí leabhair freisin mar gheall ar an idirlíon. Is féidir teacht ar gach leabhar Ghaeilge ar phraghas réasúnta ar shuíomhanna ar nós Litríocht agus údar.
Ritheann sé liom go bhfuil íoróin áírithe ag baint le foilsiú na litreach seo san Irish Times.  Cé go ndeintear go leor leabhair a léirmheas sa nuachtán sin, is annamh a dheintear leabhair Ghaeilge a leirmheas.    Ní eisceacht é an Irish Times i measc nuachtáin na hÉireann.
Tá deacracht ann, freisin, de bharr go ndeintear an oiread san poiblíochta ar bhonn leanúnach ar leabhair Bhéarla ar gach meán, ar an raidió (Cumann Leabhair Seó Tubridy, mar shampla), ar an dteilifís (le déanaí bhí conspóid faoi shraith teilifíse ar shaol agus tionchar Devalera ag an am chéanna is ar foilsíódh leabhar faoi), agus ar an líon.
Níl a leithéid ann don Ghaeilge.   Dá fheabhas iad iarrachtaí ar nós Leabhar Power, níl ann ach sop in áit na scuaibe.   Tá gá le margaiocht buan ar leabhair Ghaeilge agus is margaíocht feiceálach atá i gceist, margaíocht a fheiceann an mór phobal seachas margaíocht atá á dhéanamh le dream nach léann leabhair Ghaeilge ach go h-annamh – pobal na Gaeilge.
Conas é seo a dhéanamh, sin an cheist!
Is cosúil go bhfuil an tríú sraith de Seacht á scannánú faoi láthair i mBéal Feirste agus tugaim faoi ndeara ón alt seo bhfuil sean chara liom, Tony Devlin, ag glacadh ceann de na príomhrólanna.
An uair dheireannach a chonaic mé Tony, bhí sé ag glacadh páirte i léiriú Aisling Ghéar, Stones In His Pockets.  B’íontach an léiriú é agus bhí Tony féin thar barr sna páirteanna ina raibh sé iontu.
Chun an fhírinne a ínsint, cheapas go bhfaca mé an 3ú sraith de Seacht le déanaí ach is cosúl go raibh dul amú orm nó b’é an dara sraith.
Is cuma liom nó is sraith réasúnta taithneamhach é go gceapaim b’fhéidir go mbainfinn taithneamh níos mó as dá mbeinn níos óige, abair 20 bliain níos óige.
Beag atá ar TG4 do mo leithéidse.  Cad faoi sraith nua 40 rud éigean!
Tá daorbhreith tugtha ag Roinn an Airgeadais ar éifeacht na ndeontaisí Ghaeltachta éagsúla, idir Scéim na Mná Tí, Scéim na bhFoghlaimeoirí Ghaeilge is eile, i litir atá faoi chaibidil in alt atá foilsithe san Sunday Tribune ag an deireadh seachtaine.
Caithfear a admháil, creidim, nach daoradh gan dealramh é an méid atá luaite sa litir seo ó Sráid Merrion, ceathrú ná raibh riamh caradach don Ghaeilge nó don Ghaeltacht agus atá go leor ceisteanna le freagairt ag na h-áitritheoirí faoin pháírt a ghlac siad féin i gcliseadh an gheilleagair agus ruaigeadh an Tiogair.
In correspondence between finance minister Brian Lenihan’s department and Colm McCarthy’s An Bord Snip Nua seen by the Sunday Tribune, Finance suggested to McCarthy that the many Irish-language and rural-support grants should be abolished because they were simply not working.
An bhfuil siad ag obair?   Agus mura bhfuil, cad é an eifeacht atá leo i bhfirinne?  Nach bhfuil i gceist ach an ’status quo’ a choinneáil mar atá sé?
Tá mise i gcoinnibh an Status Quo – agus ní h-é an banna ceoil iomráiteach atá i gceist agam.   Creidim go bhfuil gá le h-athrú cur chuige agus gealltar dúinn go mbeidh seo le sonrú sa Phlean (neamh fhoilsithe) chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a athréimníú.   Tá’s agam – Plean 2028 atá  i gceist agam – ach mothaím go bhfuil an dhá rud pósta le cheile anois agus nach féidir ceann acu a scarúint ón gceann eile.
On a variety of grants to support the Irish language, Finance was highly critical of Ó Cuív’s spending habits. On the Scéim Labhairt na Gaeilge, which gives an annual grant of €260 to economically deprived Irish-speaking families, Finance said the scheme “no longer [fulfilled] its original purpose”.
Ar ndóigh, níl aon cheangal ann ar an t-é a bhfaigheann an deontas seo bheith ar an ngannchuid mar atá luaite anseo.  Níl a fhios agam cad é an ”original purpose” a bhí ag an scéim seo thar go raibh sé ag iarraidh ‘labhairt na Gaeilge’ a spreagadh. Ach creidim go bhfuil an cheart ag an Roinn Airgeadais a rá nach bhfuil sé ag déanamh seo.   Conas a spreagann an t-airgead seo páistí óga chun Gaeilge a labhairt?
Mo mholadh féin:  an t-airgead seo a chaitheamh ar shuíomhanna idirlín agus scéimeanna chun úsáid na Gaeilge a spreagadh i gcluichí ‘Nintendo DSI’ ar nós Super Mario!
Sílim gur botún é, áfach, an tua a thabhairt do Scéim na Mná Tí agus go bhfuil sotal ar chúl an raitis seo ó Roinn an Airgeadais.
On the €10.50 per day paid to Gaeltacht households who accommodate students attend ing Irish-language courses, the Merrion Street mandarins said “a reduction to €5 per day would not impose any undue hardship”.
B’fhéidir dá laghdófai liuntaisí na statseirbhíseach i Roinn an Airgeadais go dtí €5 in aghaidh an lae go mbeadh tuiscint níos fearr acu ar céard is ‘undue hardship’ ann.    An t-aon freagra a bheidh ar an gcinneadh áfach an praghas atá á ghearradh ar áiteanna ar na coláistí Samhraidh a ardú €100 – €150  agus gan amhras cuirfidh sin go leor teaghlaigh a chuireann a bpáistí chun na Gaeltachta ó dhoras agus cuirfidh sé poll mór i ngeilleagar na Gaeltachta.  Creidim go bhfaigheann an Rialtas an €10.60 agus tuilleadh le cois ar ais.
Ag an am chéanna, tá gá le h-athrú ar an gcur chuige.  Tá gá le cur chuige atá samhalaíoch agus a théann i ngleic i gceart le na fadhbanna is na dúshláín.  Ní léir go bhfuil an teachtaireacht sin ag dul i bhfeidhm go fóíll….
So, i’ts been talked about alot now, haven’t it?
Just kind of wondering how things are like in your country, where you live, in you school, you friends? Do people have it? Is the public really afraid? Do they do anything to make less people get sick?
Well, here it’s what it’s like where i live, in Norway (if you didn’t know). In public places, library, the ferry, cafes and school cafeterias have tubes/bottles of liquid to disinfect our hands. And there are several posters and commertials about the flu, and how you should sneeze and caugh into your elbow and wash you’re hands several times. There are also sold these small bottles and tissues of disinfect-products EVERYWHERE (like, the coffieehouse, the food-store, the museum, yeah, you name it).
I’ve had a few friends who’s had it. They where pretty much our for 3-5 days, and then up and running. High fever, lots of sweating and caughing. It’s never fun being sick, but it’s nothing to fear.
I think I am imune. I dont think I will ever get this flue… (well i guess i just jinxed that now). I’ve been around two sick guys, most of the time they were sick.. and I’m still here typing.
Well, how’s it with you, are you sick?
By Nickie Wang / MST
The Cultural Center of the Philippines marks its 40th anniversary on Sept. 8, and it has unveiled programs and events designed to illuminate its major contribution as an important institution that helps discover, nurture and support Filipino artists while it promotes cultural empowerment in the country.
The celebration started in February and the different venues at the CCP have witnessed an array of different performances, festivals, musicals, concerts and exhibits that celebrate the excellence and accomplishments of Filipino artists in different fields.
In a recent press conference held at the CCP Main Theater Lobby, CCP vice president and artistic director Dr. Raul Sunico introduced another set of events that took place in the month of August. He also announced the preparation the Center has been doing to conclude the nine-month anniversary celebration, which ends this September.
“We had staged highly-successful events like the 5th Cinemalaya, the Pasinaya Festival, among others. In September we’re going to have events that are grander. Just like what I’ve mentioned, we’ll be featuring different artists to conclude the anniversary celebration,” Sunico told Standard Today shortly after the press conference.
Among the highlights in August was the exhibition of winning photographs of scenes about the CCP called Moods of CCP. It is on view at the Pasilyo Vicente Manansala until Sept. 20. It features the winning photographs from the CCP On-the-Spot Photo contest undertaken by the Nayon Photographers Club since last year.
From a photo exhibit, the CCP held the first choral competition from Aug. 18 to 22. It was a weeklong event at the Main Theater where choirs from different nations competed for international awards in the children’s choir, mixed choir, sacred music and folk music categories.
Other more important anniversary activities will take place this month, which is the founding month of the CCP. The month-long cultural festivity is centered on the theme of remembrance (of the past 40 years), celebration and eager anticipation of the future.
Last Sept. 1, a time capsule containing tokens from the arts of the country as well as from the international communities was planted within the foundations of the CCP building.
The CCP resident companies, together with a stellar billing of performing arts talents, will present a dazzling musical extravaganza in the CCP 40th Anniversary Gala event on Sept. 8. Taking the lead on this occasion will be conductor Laureate Oscar Yatco and Maestro Ryan Cayabyab.
On Sept. 11, a special production dubbed as Seven Arts, One Imelda pays tribute to former First Lady Imelda Marcos, as founding chair of the CCP. The gala will be directed by theater thespian Alex Cortez, concept/script by Floy Quintos and music direction by Josefino Chino Toledo and Ryan Cayabyab.
Internationally-acclaimed artists Filipina pianist Cecile Licad and German cellist Alban Gerhardt will perform in two special concerts at the Main Theater on Sept. 15 and 16, at 8 p.m.
On Sept. 18, all CCP incumbent and former officers and employees will gather in a night of Tipanan at Gabi ng Parangal ng CCP Gawad SINAG at the CCP Main Theater. The event is a thank you-cum-recognition party (Pasasalamat, Pagkilala, Pag-alala at Pagsasaya) for CCP employees who have been or still are part of the Center for the past 40 years.
Likewise, a multi-media and multi-sensory exhibit entitled Daloy: 40 years, which chronicles the development of the CCP as a cultural institution, opens at the CCP Bulwagang Juan Luna (Main Gallery) on Sept. 18, and will be on view up to Nov. 8. The exhibit will be curated by CCP Thirteen Artists Awardees Don Salubayba and Claro Ramirez Jr.
On Sept. 24, a commemorative magazine entitled Genesis will be launched at the CCP Main Theater Lobby. Penned by some of the country’s distinguished writers, the magazine provides the readers with information on the CCP’s past and present program, honors significant personalities, and introduces activities marking the CCP’s 40th anniversary. Photos are provided by the Camera Club of the Philippines and the Nayon Photographers Club.
Finally, on Sept. 30 at the Main Theater Lobby, the CCP Outreach and Exchange Division celebrates its 30th anniversary with a commemorative CD entitled Lakbay Himig, a compilation of the best musical creations and performances by 30 of the country’s most prominent musical artists.
For tickets and information, call the CCP Marketing Department at 832-1125 loc. 1800-1808 or visit the CCP Web site www.culturalcenter.gov.ph.
Ní minic a léitear na focail ‘moladh’ agus ‘Foras na Gaeilge‘ in aon abairt amháin ar an mblag seo – cé gur thárla sé ar ocáid amháin ar a laghad, mar is buan mo chuimhne..
Ach níl aon dul as moladh a thabhairt don bhForas as ucht straitéis nua idirlín atá dírithe ar an aos óg atá foilsithe acu inniu.  Is fiú go mór é a íoslódáil agus é a léamh.     Tá mír ar Ghaelphort faoi anseo.
Aithnítear na h-easnaimh atá ann faoi láthair:
Aoisghrúpa 4-11
• Easpa cluichí idirghníomhacha
• Easpa clár teachtaireachta simplí
• Easpa láithreán eolais dírithe ar an spriocghrúpa
• Easpa líonraí idir scoileanna
Aoisghrúpa 12 – 18
• Easpa líonraí sóisialta i nGaeilge
• Easpa cluichí oiriúnacha i nGaeilge
• Níl an t-eolas atá ag teastáil ar fáil i nGaeilge (Spórt, Faisean, Ceol srl.)
• Easpa comhordaithe / poiblíochta, gach rud an-scaipthe
• Easpa líonraí idir scoileanna
I measc na moltaí a deintear sa chaipéis gairid seo, comhairlítear gur cheart:
Moltaí
Tá dhá príomh-mholadh straitéiseacha á ndéanamh againn ag éirí as an
taighde seo, is é sin
1. Tairseach nua a fhorbairt don aoisghrúpa 4-11
2. Tairseach nua a fhorbairt don aoisghrúpa 12-18
le seirbhísí atá ann cheana agus le seirbhisí nua a chur ar fáil do na
spriocghrúpaí éagsúla. I bhfianaise an chomhthéacs reatha buiséid, áfach,
rinneamar na moltaí sin a bhriseadh síos mar seo a leanas, de réir
spriocghrúpa:
Aoisghrúpa 4 – 11
• Moltar dul i gcomhpháirtíocht leis na meáin Ghaeilge le cluichí a
fhorbairt
• Moltar dul i gcomhpháirtíocht le foilsitheoirí na Gaeilge le hábhar a
fhorbairt bunaithe ar charachtair ina gcuid leabhar
• Moltar na féidearthachtaí a bhaineann le ciclipéid idirghníomhach
Gaeilge a fhorbairt ar líne
Aoisghrúpa 12 – 18
• Moltar dul i bpáirt le BEBO le logánú a dhéanamh ar an líonra sóisialta
agus tabhairt faoi ghníomhaíochtaí bunaithe air sin.
• Moltar suíomh nua idirghníomhach a fhorbairt a chlúdaíonn ábhair
suime na ndaoine óga, ar nós ceoil, taistil, scannán, teicneolaíochta,
tuismeánna srl.
• Moltar táirseach nua a fhorbairt do na meáin Ghaeilge uilig
• Moltar tairseach nua a fhorbairt d’áiseanna foghlama ar líne.
Moltar na féidearthachtaí a bhaineann le ríomhnascadh a fhiosrú le gréasán
idir scoileanna a fhorbairt.
Moltar feachtas uileghabhálach poiblíochta a reáchtáil chun a chinntiú go
bhfuil an t-eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil amuigh i measc na ndaoine óga.
Ar ndóigh ní h-ionann easnaimh a aithint agus, fiú, moltaí tairbheacha dá réir a dhéanamh agus ‘cur i bhfeidhm’.   Céim sa treo cheart atá ann.
An deacracht atá ag an bhForas – agus ní cáíneadh é seo go direach – go bhfuil siad anois féin ar chúl an chluiche, go bhfuil gach seans ann anois go bhfuil daoine ar nós Kevin Scannell nó a leithéid ag obair faoi láthair ar na bearnaí atá aitheanta acu a líonadh agus a thuilleadh forbairtí nach é a thionscnú.
Tá easnamh eile ar an gcaipéis seo freisin – cén fath go gcreideann an Fhoras go stopann an óige ag 18?     Táim féin 42 agus creidim go bhfuilim ‘óg’ .  Ach má tá sé deacair an méid sin a chreidiúint, bhuel, táim cinnte má tá tú sna 20í go gcreideann tú go bhfuil tú óg.  Fiú más sna 30í atá tú, creideann tú sin.
S’én fath go ndeirim an meid sin go gcreidim gur cheart go mbeadh solathar agus riar á dhéanamh ar an aois ghrúpa, iad san atá óg agus 18+ bliain d’aois [sea, creidimse gur féidir le duine bheith óg go dtí go mbionn sé 99 agus ansan tosnaíonn tú arís ag 00!).
Tá rudaí spéisiúla le léamh sa chaipéis seo agus d’fhéadfá a rá go bhfuil cáineadh ann ar an bhForas féin a thug maoiniú anuraidh don iris Comhar seachas don iris óige, nós*.
Táirge nua a tháinig chun margadh
le déanaí ná Nós*, féach Nós. Iris iontach atá é seo atá dírithe
ar aoisghrúpa os cionn 18 mbliana agus a chlúdaíonn cúrsaí ceoil, scannáin,
teicneolaíocht, spóirt agus i bhfad níos mó. Bheadh an stíl, an cur i láthair
agus an cur chuige ina ndea-eiseamláir ag aon iris a bheadh dírithe ar an
spriocghrúpa seo.
Ní gá, fiú, bheith ag labhairt faoi na botúin a chreidim go ndearna an Fhoras san aimsir atá caite.  Má thagann siad ar chúl nós* fiú anois agus an tacaíocht cuí a thabhairt don iris, chreidfinn go mbeadh rath ar a leithéid d’infhéistíocht thar aon rath a bhí ar aon infhéistíócht ar thogra Ghaeilge roimhe seo.
Aithnítear an dea obair atá ar siúl ag An Druma Mór/Nuacht 24 freisin.   Is cinnte go mbeadh rath ar infhéistiú sa togra seo i bhfianaise an ard chaighdeán atá bainte amach ag an suíomh ó bunaíodh é agus é gan tacaíocht oifigiúil ar bith.
Moltar Beo anseo freisin.
Tá an iris ar líne, Beo, á foilsiú ó bhí 2001 ann
agus ag cur seirbhís an-mhaith chúrsaí reatha ar fáil a bhíonn go minic
oiriúnach don aoisghrúpa seo.
Tá moladh ag dul do Beo gan amhras agus an obair déanta ag an suíomh.  Mar sin féin, is beag forbairt atá déanta ar an suíomh ó bunaíodh é agus léiríonn an easpa beochta is brí ar an gclár plé go bhfuil níos lú tabhacht ag baint le Beo ná mar a bhí.    Agus mé ag féachaint air inniu, ar an 2ú Meán Fómhair, nior foilsíodh teachtaireacht ansan ó bhí an 14ú Lúnasa ann.  Léiríonn sin easpa beochta nó fiú go raibh iGaeilge ar a sháimhín só le linn mí Lúnasa, bhí teachtaireachtaí á fhoilsiú ann an t-am ar fad.  Bionn ábhar mhaith ar Beo go minic – agus cuirim na h-altanna breatha ó leithéidí Bhreandán Delap san áireamh go h-áírithe is mé ag rá an méid sin, sin iriseoireacht a mhac! – ach is ainmhí aisteach é an iris idirlín mhiosúil i gcomhthéacs na h-idirlín faoi mar atá sé inniu, ag fás agus ag forbairt agus ag uasdatú ar bhonn 24/7.  An rud a bhí ina chéim mhór chun tosaigh i 2001, tá cuma seanachaite stálaithe air i 2009.
Ceist mhór i ngach teaghlach le páistí óga ann ceist na gcluichí riomhaireachta – leithéidí an Nintendo, Wii, Playstation, XBox ar ndóigh ach, anuas ar sin, na cluichí ar líne ar shuíomhanna ar nós Lego is na suíomhanna atá liostáilte ag an bhForas ina ndréacht chaipéis. Le cois sin arís tá cluichí idirghníomhacha ar fáíl trid an chóras Sky ar an dteilifis agus is féidir iad san a imirt leis an gciansmachtóir.   Tá an oiread san ábhair ann anois go bhfuil sé deacair a bheith suas chun dáta ach tá’s agam go bhfuilimíd ag iarraidh srian a chur leis an méid ama a chaitheann ár bpáistí ag gabhail dá leithéid.
Moladh saor in aisce:  B’fhiú a fhiosrú ar cheart go mbeadh srian ama, ábair, 20 noiméad, leis an méid ama a chaithfeadh páiste ar bith ar shuíomh Ghaeilge.  Faoin am sin, dheinfí glasáil ar an suíomh is bheadh ar an tuismitheoir cinneadh a dhéanamh an suíomh a dhíghlasáil le pasfhocal nó na páisti a chur ag spraoi sa ghairdín, de réir a rogha.
Mar fhocal scoir, molaim an dream a rinne an obair chun an straitéis seo a ullmhú agus a chur le cheile.  Molaim an Fhoras as é fhoilsiú agus molaim dóibh beartú chun é a chur i bhfeidhm, maraon le moltaí stuama a thagann ón bproiseas chomhairliúcháin, a luaithe in Éirinn agus is féidir.   Obair na prainne atá ann.
Cultúrlann agus áis phobail
Tithíocht d'ardchaighdean ar chostas an íseal
Tá Gaeltacht na Déise ann cheana féin – ach seo chugainn Gaeltacht na deise.   Má thapaítear an deis.
Tá scéal i bhforlíonadh sealúchais an Irish Times ar maidin faoi eastáit tithíochta d’ard chaighdeán, cultúrlann san áireamh, atá á dhíol i gContae Chill Chainnigh ar €1m.   Tá ceithre theach deag ceithre sheomra leapan ar díol, agus tigh mór amháin le ceithre sheomra deag ann,  láimh leis an Droichead Nua i gcontae DJ Carey, Henry Shefflin agus eile.
Seo deis íontach le h-aghaidh Gaeltacht nua a bhunú, creidim, agus tá súil agam go gcuireann an eagras nua, Baile, speis ann agus iarracht a dhéanamh baicle a thabhairt le cheile chun an fhorbairt seo a cheannach agus an chéad Ghaeltacht nua ar oileán na hÉireann a bhunú sa mhílaois nua.
Tá ceithre theach deag ann cheana féin – ach tá an eastát tógtha ar 47 acra, rud a thugann fuiollach spáís le h-aghaidh a thuilleadh forbartha.
Tá aithne agam ar an gceantar seo nó is as An Droichead Nua dom mhathair agus tá pobal ana fhailteach ann.   Le cois sin tá Gaelcholáíste i gCeatharlach agus i gCill Chainnigh agus tá an baile seo leathslí idir an dhá bhaile mór sin.    Má tá suim agat i rásaí capaill, bhuel is anseo a chuireann Paddy Mullins an traenálaí iomráiteach faoi.
Níl sé ró fhada ón áit seo go dtí an sraid bhaile timpeallachta láimh leis an Aonach i gContae Tiobrad Arainn.   Fís abea é sin a mheall dream duthrachtach chun oibre agus anois tá sé fíoraite….tabhair cuairt ar an sraidhbaile anois.
Chiallódh sé go gcosnódh gach teach ar a mhéid €100,000 agus go mbeadh an fuiollach ansan á úsáid chun tabhairt faoin Chultúrlann a reachtáíl mar áis phobail do na h-áitritheoirí agus cuairteoirí.
Táimíd beo ag am eiginnte ó thaobh na h-eacnamaíochta agus mar sin ní feidir a rá nach mbeidh deiseanna eile mar seo ann – ach ní thuigim cén fath nach feidir le baicle Gaeil, Baile nó dream eile, teacht le cheile agus an deis seo a thapú.     Seo am an ghnímh anois agus ní mhaithfear an t-é a shuíonn ar an gclaí…..
Is é seo an am  beartú sara bhfaigheann NAMA seilbh ar an áit….  Is cinnte go mbeadh suim agam féin bheith páírteach ina leithéid de mheitheal.  Cad fúibh, a leitheoirí?